Le haghaidh na nuashonruithe is déanaí don chomhad seo, féach ar http://www.openoffice.org/welcome/readme.html
A Úsáideoir, a chara
Tá eolas tábhachtach sa chomhad seo faoin gclár seo. Léigh é go cúramach roimh dul i mbun oibre, le do thoil.
Ba mhaith le Comhphobal OpenOffice.org, ar a bhfuil sé de chúram an táirge seo a fhorbairt, cuireadh a thabhairt duit bheith i do bhall den chomhphobal. Agus tú i d'úsáideoir nua, tig leat eolas úsáideach a fháil ach cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin OpenOffice.org ag
http://www.openoffice.org/about_us/introduction.html
Léigh freisin an méid thíos faoi bheith páirteach i dtionscadal OpenOffice.org.
Riachtanais Chórais:
Is minic tiománaí an chárta ghrafaice a bheith freagrach as fadhbanna i dtosú OpenOffice.org (m.sh. stopann feidhmchláir) chomh maith le fadhbanna i dtaispeáint ar an scáileán. Má tharlaíonn fadhbanna mar sin, nuashonraigh tiománaí do chárta ghrafaice nó bain triail as an tiománaí atá mar chuid de do chóras oibriúcháin. Go minic is féidir fadhbanna i dtaispeáint oibiachtaí 3T a réiteach trín rogha "Úsáid OpenGL" a dhíchumasú in 'Uirlisí - Roghanna - Amharc - Amharc 3T'.
Is féidir leat OpenOffice.org 2.0 a shuiteáil taobh le taobh le leagan níos sine de OpenOffice.org. Má dhíshuiteálann tú an seanleagan de OpenOffice.org ina dhiaidh sin, caithfidh tú clár suiteála an leagan nua a rith agus 'Deisigh' a roghnú. Cinnteoidh seo go bhfuil an leagan nua cláraithe i gceart ar do chóras.
Tabhair faoi deara go bhfuil seans ann nach n-oibreoidh cóipeáil-agus-greamaigh i bhformáid OpenOffice.org trín ghearrthaisce idir OpenOffice.org 1.x agus OpenOffice.org 2.0. Más ea, roghnaigh 'Cuir in Eagar - Greamaigh Speisialta' agus roghnaigh formáid eile seachas OpenOffice.org, nó oscail an cháipéis go díreach in OpenOffice.org 2.0.
Cinntigh go bhfuil go leor spás saor agat i gcomhadlann shealadach do chórais agus go bhfuil cead léite, scríofa agus reatha agat ann. Dún gach clár eile roimh tús a chur leis an tsuiteáil.
Má bhíonn fadhbanna tosaithe agat le OpenOffice.org (agus Gnome in úsáid agat ach go háirithe), díshocraigh an athróg timpeallachta SESSION_MANAGER sa bhlaosc a úsáideann tú chun tús a chur le OpenOffice.org. Is féidir é seo a dhéanamh trín líne "unset SESSION_MANAGER" a chur ag tús na scripte blaoisce soffice atá sa chomhadlann "[fillteán OpenOffice]/program".
Is féidir an cló a úsáidtear in OpenOffice.org ar an scáileán agus do phriontáil a athrú trí é a ionadú le cló eile atá suiteáilte ar do ríomhaire. Déantar é seo leis an bhfeidhm ionadaithe cló. Roghnaigh 'Uirlisí - Roghanna - OpenOffice.org - Clónna' chun tábla ionadaithe na gclónna a rochtain.
Le cló an chomhéadain úsáideora in OpenOffice.org a athrú, caithfidh tú cló eile a chur in áit an chló réamhshocraithe "Andale Sans UI" agus an socrú "i gcónaí" a mharcáil don chló nua sin.
Féach sa Chabhair in OpenOffice.org le haghaidh mionchuntais ar an dialóg.
Ní féidir ach aicearraí méarchláir nach bhfuil in úsáid ag an gcóras oibriúcháin a úsáid in OpenOffice.org. Muna n-oibríonn teaglaim eochracha in OpenOffice.org sa dóigh a ndéantar cur síos uirthi i gCabhair OpenOffice.org, féach an bhfuil an t-aicearra sin in úsáid cheana ag an gcóras oibriúcháin. Is féidir leat na heochracha atá socruithe ag do chóras a athrú chun coimhlintí mar seo a réiteach. Mar rogha air sin, is féidir beagnach socrú eochrach ar bith in OpenOffice.org a athrú. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach i gcáipéisí cabhrach OpenOffice.org nó do chórais oibriúcháin.
Tá glasáil chomhad cumasaithe mar réamhshocrú in OpenOffice.org. Chun í a dhíchumasú, ní mór an athróg timpeallachta cuí a shocrú mar SAL_ENABLE_FILE_LOCKING=0 agus SAL_ENABLE_FILE_LOCKING a easpórtáil. Tá na hiontrálacha seo sa bhfoirm chumasaithe cheana féin sa chomhad scripte soffice.
Rabhadh: is féidir an ghlasáil chomhad a bheith freagrach as fadhbanna le Solaris 2.5.1 agus 2.7 agus iad úsáidte le Linux NFS 2.0. Más amhlaidh do thimpeallacht chórais, moltar go láidir úsáid na glasála comhad a sheachaint. Murach sin, stopfaidh OpenOffice.org má dhéantar iarracht comhad a oscailt ó chomhadlann atá feistithe le NFS ó ríomhaire Linux.
Cuid Cóipcheart 1998, 1999 James Clark. Cuid Cóipcheart 1996, 1998 Netscape Communications Corporation.
Rachadh sé go mór chun socair Chomhphobal OpenOffice.org dá mbeifeá páirteach gníomhach i bhforbairt an tionscadail thábhachtach foinsí oscailte seo.
Agus tú i d'úsáideoir, is cuid luachmhar de phróiseas forbartha an bhogearra tú cheana, agus ba mhaith linn tú a spreagadh chun ról níos gníomhaí fós a bheith agat d'fhonn bheith i do chuiditheoir leis an gcomhphobal go fad-téarmach. Glac páirt, le do thoil, agus féach ar leathanach na n-úsáideoirí ag:http://www.openoffice.org
Caith seal beag, le do thoil, ag comhlánú an phróisis bhig chláraithe agus an bogearra á shuiteáil agat. Cé go bhfuil an clárú roghnach, molaimid duit é mar cabhróidh an t-eolas leis an gcomhphobal bogearra níos fearr a fhorbairt agus riachtanais na n-úsáideoirí a fhreagairt go díreach. Lena Pholasaí Príobháideachais, déanann Comhphobal OpenOffice.org gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint. Má chaill tú an clárú ag am suiteála, is féidir leat filleadh agus clárú am ar bith ag:http://www.openoffice.org/welcome/registration20.html
Tá Suirbhé na nÚsáideoirí ar líne freisin agus molaimid duit é a líonadh. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé le OpenOffice.org bogadh níos tapúla i dtreo ardchaighdeáin a bhaint amach i gcruthú an bhogearra oifige is nuaí. Lena Pholasaí Príobháideachais, déanann Comhphobal OpenOffice.org gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint.
Is ar shuíomh gréasáin OpenOffice.org atá IssueZilla, an córas s'againne le haghaidh tuairiscí a thabhairt ar fhadhbanna agus ar fhabhtanna, iad a leanúint, agus iad a réiteach. Tá gach aon úsáideoir i dteideal, agus fáilte rompu, tuairisc a thabhairt ar fhadhbanna a tharlaíonn ar a n-ardán féin. Tá tuairisciú beo na bhfadhbanna ar cheann de na cúnaimh is mó ar féidir le comhphobal na n-úsáideoirí a thabhairt d'fhorbairt agus d'fheabhsú an bhogearra.
Seo roinnt de liostaí ríomhphoist an tionscadail ar féidir leat clárú leo aghttp://www.openoffice.org/mail_list.html
Is féidir leatsa cabhrú go mór leis an tionscadal tábhachtach foinsí oscailte seo fiú muna bhfuil agat ach beagán taithí ar dhearadh bogearraí nó ar chódáil. Tusa!
Ag http://projects.openoffice.org/index.html gheobhaidh tú raon tionscadal ó Logánú, Iompar agus Bogearraí Grúpa, go tionscadail chódála. Muna bhfuil tú i d'fhorbróir, féach ar an Tionscadal Doiciméadaithe nó ar an Tionscadal Margaíochta. Tá Tionscadal Margaíochta OpenOffice.org ag úsáid modhanna traidisiúnta tráchtála agus modhanna nua chun bogearraí le foinsí oscailte a chur ar an margadh, agus déantar é thar theorainneacha teanga agus cultúir. Mar sin, is féidir leat cabhrú trín scéal a scaipeadh agus eolas a thabhairt do do chairde faoin mbogearra oifige seo.
Is féidir leat cabhrú trí páirt a ghlacadh anseo sa Ghréasán Margaíochta, Cumarsáide & Eolais:http://marketing.openoffice.org/contacts.html áit inar féidir leat teagmháil a sholáthar leis na meáin, gníomhaireachtaí rialtais, comhairleoirí, scoileanna, grúpaí úsáideoirí Linux agus forbróirí i do thír agus i do chomhphobal féin.
Le cabhair a fháil maidir le OpenOffice.org 2.0, féach ar na ceisteanna a fhreagraíodh cheana ar an liosta 'users@openoffice.org' atá sna cartlanna ag http://www.openoffice.org/mail_list.html. Nó is féidir leat do cheisteanna a sheoladh go users@openoffice.org. Ná déan dearmad clárú leis an liosta chun freagra ríomhphoist a fháil.
Féach freisin na ceisteanna coitianta aghttp://user-faq.openoffice.org/.
Séard ab fhearr a dhéanamh le tosú ag cuidiú ná clárú le liosta nó dhó, bí ag cúlchoimhéad ar feadh tamall, agus na cartlanna ríomhphoist a úsáid chun taithí a fháil ar na hábhair a pléadh ó scaoileadh amach cód foinseach OpenOffice.org i mí Dheireadh Fómhair 2000. Nuair a bheidh tú ar do shuaimhneas, níl le déanamh ach teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chun tú féin a chur in aithne do dhaoine, agus ar aghaidh leat. Má tá taithí agat ar thionscadail fhoinsí oscailte, féach an bhfuil aon rud a d'fhéadfá cabhrú leis ar ár liosta de rudaí atá le déanamh aghttp://development.openoffice.org/todo.html.
Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as bheith ag obair le OpenOffice.org 2.0 agus go mbeidh tú linn ar líne.
An Comhphobal OpenOffice.org